Is é Bus Átha Cliath an soláthraí Iompair Phoiblí is mó in Éirinn agus is é ár gcuspóir seirbhísí iompair phoiblí ardchaighdeáin a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine, a thacaíonn le borradh geilleagrach ár gcathrach agus a bhaineann ár n-uaillmhianta sóisialta agus comhshaoil amach, faoi mar a dhéanfadh Príomhchathair Eorpach forásach. Soláthraí réitigh soghluaisteachta inbhuanaithe é Bus Átha Cliath. Táimid tiomanta d’astaíochtaí, brú tráchta agus úsáid fuinnimh a laghdú.
Táimid tiomanta freisin, trínár n-obair chun iompar poiblí níos tapúla agus níos glaise a chur chun cinn, do chathair níos inchónaithe a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath. Tá Bus Átha Cliath tiomanta do thacú le forbairt Bhaile Átha Cliath amach anseo ar bhealach a thugann tús áite do réitigh chliste inbhuanaithe soghluaisteachta. Is mian linn ár bpobail a choimeád ceangailte agus glan agus a chinntiú, fiú agus fás agus forbairt mhear ag teacht uirthi, go mbeidh Baile Átha Cliath ar cheann de na cathracha is inchónaithe ar domhan.
Innealtóir Sinsearach - An Oifig Theicniúil
Tuairisceoidh an t-iarrthóir rathúil go díreach leis an bPríomhinnealtóir, agus soláthróidh sé/sí treoir agus ceannaireacht d’Fhoireann na hOifige Teicniúla lena chinntiú go mbaintear ardchaighdeáin amach sa roinn.
Tá an tInnealtóir Sinsearach freagrach as an méid seo a leanas:
- A chinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ag foireann na Roinne Teicniúla agus go gcuirtear uasoiliúint orthu le haghaidh a thabhairt ar athruithe amach anseo
- Ionchur teicniúil a sholáthar chun sábháilteacht an fhlít, fáil, iontaofacht, cur i láthair, agus costais chothabhála a bharrfheabhsú
- Nósanna imeachta a fhorbairt don tseirbhís agus an flít a chothabháil, diagnóisiú lochtanna san áireamh
- Cigireachtaí agus seiceálacha fhoireann na hOifige Teicniúla ar fheithiclí nua a bhainistiú agus a chomhordú ag áitribh/áiseanna táirgthe déantúsóirí feithiclí agus nuair a dhéantar feithiclí a sheachadadh chuig Bus Átha Cliath
- Oiliúint ar fhostaithe an iosta innealtóireachta a bhainistiú maidir le nósanna imeachta chun flít feithiclí Bhus Átha Cliath a sheirbhísiú, a chothabháil agus a dheisiú.
- Sonraí agus staitisticí a mbainfidh ranna eile úsáid astu a bhaineann le feithiclí a thiomsú, a athbhreithniú agus a dháileadh (e.g. tuairisciú tréimhsiúil ar mhíleáiste an fhlít)
- Feabhsú leanúnach a stiúradh laistigh den Oifig Theicniúil trí theicnící barainneacha sé shigme (six-sigma) a chur i bhfeidhm agus tacú le feabhsú leanúnach ar an Rannóg Innealtóireacht trí chéile
Riachtanais:
- Cáilíocht tríú leibhéal, (leibhéal 8 nó 9) i ndisciplín ábhartha Innealtóireachta
- Tá deimhniúchán creasa ghlais/dhuibh sé sigme barainneach inmhianaithe
- Eolas ar nósanna imeachta dearaidh agus cothabhála feithiclí
- Tá saineolas agus inniúlacht theicniúil i dteicneolaíocht feithiclí inmhianaithe
- Cuntas teiste ar chaidreamh idir páirtithe leasmhara a bhainistiú
- Taithí ar fhoireann a bhainistiú le hardfheidhmíocht a sholáthar
Tuarastal agus coinníollacha fostaíochta mealltacha
Ba cheart d’iarrthóirí ar spéis leo aon chinn de na róil seo a sonraí gairm bheatha a sheoladh ar ríomhphost, faoi rún daingean, chuig jodie.boyle@dublinbus.ie
Le heolas breise a iarraidh ar na róil, seol ríomhphost chuig Jodie.boyle@dublinbus.ie
Déanfar gearrliostú.
Spriocdháta Dé Domhnaigh, an 5 Feabhra 2023