Is é Bus Átha Cliath an soláthraí Iompair Phoiblí is mó in Éirinn agus is é ár gcuspóir seirbhísí iompair phoiblí ardchaighdeáin a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine, a thacaíonn le borradh geilleagrach ár gcathrach agus a bhaineann ár n-uaillmhianta sóisialta agus comhshaoil amach, faoi mar a dhéanfadh Príomhchathair Eorpach forásach. Soláthraí réitigh soghluaisteachta inbhuanaithe é Bus Átha Cliath.Táimid tiomanta d’astaíochtaí, brú tráchta agus úsáid fuinnimh a laghdú.
Táimid tiomanta freisin, trínár n-obair chun iompar poiblí níos tapúla agus níos glaise a chur chun cinn, do chathair níos inchónaithe a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath. Tá Bus Átha Cliath tiomanta do thacú le forbairt Bhaile Átha Cliath amach anseo ar bhealach a thugann tús áite do réitigh chliste inbhuanaithe soghluaisteachta. Is mian linn ár bpobail a choimeád ceangailte agus glan agus a chinntiú, fiú agus fás agus forbairt mhear ag teacht uirthi, go mbeidh Baile Átha Cliath ar cheann de na cathracha is inchónaithe ar domhan.
Tá cuireadh á thabhairt ag Bus Átha Cliath ar iarratais ar na róil seo a leanas:
Bainisteoir Cláir
Déanfaidh an t-iarrthóir rathúil tuairisciú le Ceann na hOifige Bainistíochta Tionscadal agus beidh sé/sí:
- Freagrach as an gclár a phleanáil agus a sholáthar go rathúil a theastaíonn chun go gcuirfidh Bus Átha Cliath feithiclí leictreacha nua ag feidhmiú i seirbhísí Bhus Átha Cliath. Teastóidh uaidh seo go soláthraítear bonneagar d’iostaí busanna, go ndéantar tástáil phíolótach ar an bhflít nua, go ndéantar teicneolaíocht nua agus athrú eagraíochta a chomhtháthú.
- Foireann thrasrannach a stiúradh a theastaíonn chun bunspriocanna inghnóthaithe an chláir agus athruithe ar an gclár a chur i bhfeidhm go rathúil.
- Baill foirne a fhorbairt agus a spreagadh chun spriocanna tionscadail a bhaint amach, agus cloí lena bhfreagrachtaí agus garspriocanna a dtionscadail i gcomhthráth.
- Maoirseacht a dhéanamh ar chláir eile oibre chun freastal ar riachtanais phortfóilió tionscadal Bhus Átha Cliath.
Tugtar cuireadh d’iarratais ó iarrthóirí a bhfuil an méid seo a leanas acu:
- Cáilíocht ar leibhéal céim baitsiléara i ndisciplín ábhartha nó an taithí chomhionann ábhartha• Cáilíocht i mbainistíocht ghairmiúil tionscadal (PMP nó Cleachtóir PRINCE2)
- Taithí breis agus 15 bliana ar bhainistíocht tionscadal/athruithe
- Taithí breis agus 5 bliana ar chláir a stiúradh a imríonn tionchar ar fheidhmeanna iolracha in eagraíocht
- Cumas láidir eagrúcháin agus rialachais clár
- Taithí ar oibriú le díoltóirí/conraitheoirí le teicneolaíocht agus/nó athrú bonneagair a sholáthar
- Taithí ar shruthanna oibre agus tionscadail iolracha a bhainistiú agus foireann acmhainní a bhainistiú
- Eolas láidir oibre ar fhoireann feidhmchláir Office 365, ach go háirithe SharePoint Online, Microsoft Teams agus Microsoft Office
Tuarastal agus coinníollacha fostaíochta mealltacha
Ba cheart d’iarrthóirí ar spéis leo aon chinn de na róil seo a sonraí gairm bheatha a sheoladh ar ríomhphost, faoi rún daingean, chuig jodie.boyle@dublinbus.ie
Le heolas breise a iarraidh ar na róil, seol ríomhphost chuig Jodie.boyle@dublinbus.ie
Déanfar gearrliostú.
Spriocdháta Dé Domhnaigh, an 5 Feabhra 2023