Printíseacht 2023 – Meicneoir Feithiclí Troma

Published on Tuesday, March 07, 2023

Tá Bus Átha Cliath agus Bus Éireann ag iarraidh meicneoirí printíseacha um fheithiclí troma a earcú anois do na láithreacha seo a leanas:

Baile Átha Cliath-Corcaigh-Port Láirge-Loch Garman -Béal an Átha-Luimneach-Durlas-Trá Lí-Gaillimh-Baile Átha Luain-An Longfort-Srath an Urláir-Sligeach

Tá na poist phrintíseachta seo oscailte mhná agus d’fhir araon. Cuirtear oiliúint ar ár bprintísigh ar na chaighdeáin theicniúla is airde ar fad agus i measc go leor scileanna eile, foghlaimíonn siad, conas na córais éagsúla bainteach le feithiclí seirbhíse poiblí nua-aimseartha a chothabháil. Áirítear leis seo oiliúint ar na tascanna éagsúla deisiúcháin ó lá go lá agus ar thascanna cothabhála coisctheacha, chomh maith le diagnóisic feithicle/aimsiú fabhtanna a bhfuil roinnt de na hardcórais is airde dá leithéid i bhfeidhm againn. D’éirigh thar barr lenár bprintísigh sa Chomórtas Náisiúnta Scileanna thar na blianta.

seacht gcéim sa phrintíseacht, trí chéim lasmuigh den láthair oibre agus ceithre chéim ar an láthair oibre. Le linn na gcéimeanna seo go léir déanfar measúnú ort ar bhonn leanúnach struchtúrtha.

Tarlaíonn oiliúint ar an láthair oibre le Bus Átha Cliath/Bus Éireann, sa gharáiste a shannfar duit, le linn Chéimeanna 1 – 3 – 5 – 7.

Sannann SOLAS oiliúint lasmuigh den láthair mar seo a leanas:-
Céim 2
Ionad Oiliúna Bhord Oideachais agus Oiliúna SOLAS (BOO) i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh nó i bPort Láirge
Céim 4   
An Roinn Oideachais agus Scileanna – OT Bhaile Átha Cliath nó OT na Sionainne
Céim 6   
An Roinn Oideachais agus Scileanna – OT Bhaile Átha Cliath nó OT na Sionainne

Riachtanais

Riachtanas Aoise:
Ní mór d’iarratasóirí a bheith 16 bliana d’aois nó níos sine sula dtosaíonn siad ar a bprintíseacht.

Riachtanais Oideachais:
Ní mór d’iarratasóirí coibhéis cáilíochtaí SOLAS a chomhlíonadh

*“Tabhair faoi deara go nglacfar le teastas críochnaithe 2020 (Teastas Sóisearach) agus le tuairiscí scoile mar thorthaí chomhionann an Teastais Shóisearaigh, féach an nasc le haghaidh tuilleadh sonraí.

Sochair

  • Ráta pá iomaíoch
  • Ag obair 5 lá as 7 lá
  • Deiseanna chun cinn gairme
  • Scéim DG duit féin agus dod’ theaghlach
  • Bosca uirlisí in bhfuil na huirlisí riachtanacha curtha ar fáil ag an gcomhlacht
  • Táillí coláiste íoctha ag an gcomhlacht
  • Lamháltais taistil
  • Trealamh Cosanta Pearsanta curtha ar fáil
  • Seirbhís níocháin san áireamh
  • Oiliúint agus uasoiliúint
  • Scéim Tacaíochta Oideachais le leas a bhaint as
  • Clár Cúnaimh Fostaithe le leas a bhaint as
  • Páirceáil saor in aisce
  • Ceaintín fóirdheonaithe

Faigh tuilleadh eolais le do thoil inár Leabhrán Eolais Printíseachta um Meicneoir Feithiclí Troma.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas le do thoil chun d’Iarratas ar an bPrintíseacht seo a chur isteach: Printíseacht um Meicneoir Feithiclí Troma · Bus Átha Cliath/Bus Éireann

Is é Dé Céadaoin an 19 Aibreán 2023 an spriocdháta chun iarratas a chur isteach.

Tosófar socrúcháin faoi Mheán Fómhair 2023 agus ní mór d’iarratasóirí a bheith 16 bliana d’aois ar a laghad, ar nó roimh thosú dóibh. Bainimid úsáid as roinnt measúnuithe a bheidh ar gach iarrthóir tabhairt fúthu, agus úsáidfear na torthaí chun gearrliosta a thiomsú chun críocha agallamh.

Route Planner
Travelling From
Going To
Plan My Route

Timetables
Search by
Search by route
Search by
Search by place