Is é Bus Átha Cliath an soláthraí iompair phoiblí is mó in Éirinn. Tá breis agus 1,000 bus againn is gá a ghlanadh, a fholúsghlanadh, a athbhreoslú agus a chur ar ais ar an mbóthar beagnach 24 uair an chloig sa lá. Tá daoine á lorg againn a dhéanfaidh ár mbusanna a chothabháil go sábháilte agus go héifeachtúil agus a dhéanfaidh gach iarracht a chinntiú go mbíonn eispéireas maith ag ár gcustaiméirí de Bhus Átha Cliath.
B’fhéidir go mbeidh ar iarratasóirí rathúla sealanna lae/oíche nó sealanna rothlacha a oibriú ag brath ar riachtanais soláthair foirne a láithreach agus beidh orthu gach feithicil chuideachta a thiomáint.
Oibrí Innealtóireachta, an Roinn Innealtóireachta
Tuairisceofar leis an mBainisteoir Innealtóireachta.
Conradh Téarma Sheasta 12 Mhí (ag féachaint le conradh buan fostaíochta a fháil)
Tuarastal Tosaigh: €536.71 sa tseachtain, ag méadú aníos go €601.43 bunaithe ar scála pá 8 mbliana agus beidh préimh sealoibre le híoc i gcás obair oíche agus sealoibre (a mhéid le 30% den bhunphá).
Limistéir freagrachta (gan a bheith teoranta dóibh):
• Busanna a shiúntadh timpeall an chlóis (glanadh, athbhreoslú, páirceáil srl.)
• Cothabháil cadhnraí, gréisceadh, athbhreoslú, agus ola a athrú i mbusanna
• Busanna agus an t-áitreabh a ghlanadh agus a fholúsghlanadh (an fonnadh a ghlanadh san áireamh)
• Tabhairt faoi thascanna miondeisiúcháin agus cothabhála ar bhusanna
Riachtanais Cheadúnais Tiomána:
• Ceadúnas Bailí Glan Tiomána Éireannach Chatagóir B - ag an té ar feadh ar a laghad 2 bhliain, gan aon droimscríobhanna a bheith air
NÓ
• Ceadúnas Iomlán Bailí Glan Tiomána Éireannach Chatagóir D gan aon droimscríobhanna a bheith air
Riachtanais eile:
• Caithfidh iarratasóirí a bheith níos sine ná 21 bliain d’aois (le rialáil ceadúnais D a chomhlíonadh)
• Caithfidh Béarla líofa labhartha agus scríofa a bheith ag iarratasóirí
• Caithfidh iarratasóirí a bheith ar fáil chun sealanna a oibriú, sealanna oíche, deirí seachtaine, saoirí poiblí, agus sealanna rothlacha san áireamh, ag brath ar riachtanais soláthair foirne
• Ráiteas Tiománaí ón SNCT (leis seo a iarraidh, déan teagmháil, le do thoil, leis an SNCT (an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána) trí ghlaoch ar 0818 700 800).
Tairbhí:
• Sárleibhéal cinnteachta poist
• Scéim Leighis (Dochtúir Ginearálta)
• Sárscéim Pinsin
• Saoráidí Taistil Fhóirdheonaithe
Conas Iarratas a Dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Shuíomh Ríomhearcaíochta Bhus Átha Cliath, cliceáil an cnaipe “Cuardaigh" leis an bhfoirm iarratais ar líne d’Oibrí Innealtóireachta a aimsiú.
Cinntigh, le do thoil, cóipeanna a chur san áireamh de thosach agus cúl do Cheadúnais Tiomána le d’fhoirm iarratais. Is leor scanadh nó grianghraif.
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur gá an fhoirm iarratais ar líne a líonadh ina hiomláine le cóipeanna de Cheadúnas Tiomána an iarratasóra. Ní phróiseálfar í murach sin.
Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn aon cheisteanna eile agat faoin bpost seo, ag jobs@dublinbus.ie.
Dáta Deiridh: 31 Nollaig 2023.
Caithfidh iarratasóirí riachtanais íosta a shásamh don ról agus déanfar gearrliostú.
Fostóir comhdheiseanna is ea Bus Átha Cliath.
Coinneáil Sonraí agus do chearta dlíthiúla: Coimeádfar iarratais ar feadh 12 mhí ar aon dul lenár mBeartas Coinneála Sonraí. Chun do chearta a fheidhmiú faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018, seol ríomhphost, le do thoil, chuig dataprotection@dublinbus.ie