Meicneoirí

Published on Friday, March 10, 2023

Táimid ag lorg Meicnic Cháilithe Gluaisteán agus Bus le bheith inár bhfoireann Innealtóireachta. Mar gheall gurb é Bus Átha Cliath an soláthraí iompair phoiblí is mó in Éirinn, a bhfuil flít breis agus 1,000 bus le cothabháil aige, tá ár meicneoirí i gcroílár ár n-eagraíochta. Tá siad taithíoch agus paiseanta, agus teastaíonn uainn go n-oibreoidh tú leo.

B’fhéidir go mbeidh ar iarratasóirí rathúla sealanna lae/oíche nó sealanna rothlacha a oibriú ag brath ar riachtanais soláthair foirne a láithreach agus beidh orthu gach feithicil chuideachta a thiomáint.

Mechanic, Engineering Department
Tuairisceofar leis an mBainisteoir Innealtóireachta.
Conradh Téarma Sheasta 12 Mhí (ag féachaint le conradh buan fostaíochta a fháil)

Tuarastal Tosaigh: Íocfar tuarastail tosaigh €742.46 sa tseachtain, ag méadú aníos go €882.80 bunaithe ar scála pá 8 mbliana agus beidh préimh sealoibre le híoc i gcás obair oíche agus sealoibre (a mhéid le 30% den bhunphá).

Limistéir freagrachta (gan a bheith teoranta dóibh):
• Diagnóis lochtanna feithiclí agus gléasra 
• Cothabháil choisctheach agus deisiú feithiclí, gléasra, agus áitribh 
• Gach tasc a bhaineann le córais mheicniúla, leictreacha, agus córais chabhlach feithiclí 
• Trealamh garáiste a oibriú 

Riachtanais cháilíochta:
• Teastas Náisiúnta Ceardaíochta do cheird Mheicneoir Feithiclí Troma/Éadroma a bhronn SOLAS/an Roinn Oideachais agus printíseacht aitheanta SOLAS a chríochnú go rathúil

• Ardteastas – Ceird a bhronn FETAC tar éis printíseacht aitheanta SOLAS a chríochnú go rathúil 

Riachtanais Cheadúnais Tiomána:
• Ceadúnas Bailí Glan Tiomána Éireannach Chatagóir B - ag an té ar feadh ar a laghad 2 bhliain, gan aon droimscríobhanna a bheith air

• Ceadúnas Iomlán Bailí Glan Tiomána Éireannach Chatagóir D gan aon droimscríobhanna a bheith air

Riachtanais eile:
• Caithfidh iarratasóirí a bheith níos sine ná 21 bliain d’aois (le rialáil ceadúnais D a chomhlíonadh) 
• Caithfidh Béarla líofa labhartha agus scríofa a bheith ag iarratasóirí
• Caithfidh iarratasóirí a bheith ar fáil chun sealanna a oibriú, sealanna oíche, deirí seachtaine, saoirí poiblí, agus sealanna rothlacha san áireamh, ag brath ar riachtanais soláthair foirne 
• Ráiteas Tiománaí ón SNCT (leis seo a iarraidh, déan teagmháil, le do thoil, leis an SNCT (an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána) trí ghlaoch ar 0818 700 800).

Tairbhí:
• Sárleibhéal cinnteachta poist
• Scéim Leighis (Dochtúir Ginearálta) 
• Sárscéim Pinsin
• Saoráidí Taistil Fhóirdheonaithe
• Forbairt Gairm Bheatha 

Conas Iarratas a Dhéanamh 
Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Shuíomh Ríomhearcaíochta Bhus Átha Cliath, cliceáil an cnaipe “Cuardaigh" leis an bhfoirm iarratais ar líne do Mheicneoir.
Cuir cóip de do Theastas Teastas i dtrádáil Meicneoiragus cóipeanna de thosach agus cúl do Cheadúnais Tiomána ar fáil le d’fhoirm iarratais. Is leor scanadh nó grianghraif.

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur gá an fhoirm iarratais ar líne a líonadh ina hiomláine agus í a sheoladh leis an gcáipéisíocht uile thuas. Ní phróiseálfar í murach sin.

Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn aon cheisteanna eile agat faoin bpost seo, ag jobs@dublinbus.ie.

Dáta Deiridh: 31 Nollaig 2023.

Caithfidh iarratasóirí riachtanais íosta a shásamh don ról agus déanfar gearrliostú.

Fostóir comhdheiseanna is ea Bus Átha Cliath.

Coinneáil Sonraí agus do chearta dlíthiúla: Coimeádfar iarratais ar feadh 12 mhí ar aon dul lenár mBeartas Coinneála Sonraí.  Chun do chearta a fheidhmiú faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018, seol ríomhphost, le do thoil, chuig dataprotection@dublinbus.ie

Route Planner
Travelling From
Going To
Plan My Route

Timetables
Search by
Search by route
Search by
Search by place